Multimedia Coverage of New York City

Mise Agus an Ghaeilge

By Elaine Nibhraonain

Bronx Journal Staff

Originally posted May 2007

“The Irish Language and I,” one woman recalls growing up in Ireland and her relationship to her two mother tongues: Gaelic and English.

Tógadh le Gaeilge mé. Ní cuimhin liom am nach raibh an dá theanga agam. Bhí?mé in ann Gaeilge a léamh agus a scríobh roimh Béarla. Níor thosaigh mé ag?foghlaim conas Béarla a léamhagus a scríobh go dtí aois a seacht. Is nós sna?Gaelscoileanna é seo. Dar liom ní rud ró-mhaith é mar i mo chás-sa, níor?bhaineas amach caighdeán sách ard i mBéarla go dtí go raibhmé thart ar 15.

Bhí?náire orm toisc nach raibh Béarla scríofa maith agam, agus anois fiú tá Gaeilge?scríofa níos fearr agam ná Béarla. Agus mé ag fás aníos, bhíodh m’athair ag?labhairt Gaeilge liom, nuair a bhíos an-óg, ba chuma liom cén teanga a bhí á?labhairt againn. Ach nuair a shroich mé b’fhéidir aois a 13 d’iarrainn air Béarla a?labhairt liom mar nach raibh Gaeilge “cool”. Bhíodh náire orm Gaeilge

a labhairt?lasmuigh agus nuair a bhíodh cairde liom (as scoileanna Béarla) i mo theachsa,?ní labhraínn aon Ghaeilge le m’athair. De ghnáth, ní éistíodh m’athair liom agus?is Gaeilge amháin a labhraíodh sé liom. Bhíodh daoine ag stánadh orainn agus?muid ag spalpadh i nGaeilge. Níor theastaigh uaim bheith éagsúil agus Gaeilge a?labhairt. Níor lean sé seo ach ar feadh tuairim is trí bliana. Ní raibh na háiseanna?ar fáil mar atá ann anois. Níorbh é an gnáthrud é do pháiste a chur ar scoil?lánghaelach mar is dócha sna hochtóidí, bhí meon iomlán éagsúil i dtaobh na?

Gaeilge ná mar atá ann inniu. Fad is a bhí mise ar scoil, bhíodh páistí i?scoileanna eile ag magadh faoi scoileanna lánghaelacha; ba rud neamhchoitianta?é freastal ar scoil áit a labhraítí Gaeilge amháin (seachas ar feadh daichead?nóiméad ‘chuile lá fad is a bhí rang Béarla ar siúl.) Tá sé cruthaithe go?mbaineann daltaí ó scoileanna lánghaelacha na torthaí is fearr amach i?scrúdaithe an Stáit; dar liom tá roinnt fáthanna le seo. Tá meon iontach maith i?leith staidéir sna scoileanna seo agus tagann a lán tacaíochta ó na tuismitheoirí.?Go hiondúil is scoileanna cuíosacha beag iad, rud a chabhraíonn leis na daltaí?bheith níos éifeachtaí ina gcuid oibre. Tá an-chuid scoileanna lánghaelacha ag?oscailt ar fud na tíre le roinnt blianta anuas. Is rud iontach maith é seo i dtaobh?na Gaeilge. T’áim an-shásta gúr tógadh le gaeilge mé. Is breá liom í.?

 

Page designed by Dalila Molina

No comments

LEAVE A COMMENT